Is mise Amber agus táim ag foghlaim Gaeilge i Pittsburgh, PA. Tá an-dúil agam i gcultúr agus i dteanga na hÉireann, agus táim ag pleanáil ar bhogadh go hÉirinn amach anseo. Is léiriú amháin ar mo thiomantas don phobal nua seo é an t-aistriúchán seo. Ní hamháin go bhfuil tiomantas agam don phobal Gaeilge, ach do shláinte agus do théarnamh freisin.
Thosaigh an turas chun Amber Rei Folláine agus Aiséirí a chruthú le simplí breathnú amháin: bhí rud éigin ar iarraidh. Ar feadh beagnach deich mbliana, d’oibrigh mé i réimse an drugaí agus an alcóil, agus cé go raibh dea-rún ag na cláir, bhain siad de chumas daoine go minic agus rinne siad neamhaird ar an duine ina iomláine.
Mar gheall ar an taithí seo, chuaigh mé i mbun cur chuige níos cuimsithí. Tugaim meascán uathúil d’oiliúint fhoirmiúil agus taithí phraiticiúil chuig mo chuid oibre. Le B.S. sa Síceolaíocht agus deimhniú ó Scoil um Shláinte Iomlánaíoch an Dr. Lillian Ronzio, comhcheanglaím modúlachtaí bunaithe ar chomhrá leis an gcleachtas cumhachtach Reiki agus talamh sómach. Chun fanacht ar thús cadhnaíochta an chúraim chomhtháite, coinním oiliúint ghníomhach agus comhoibriú ar bun le heagraíochtaí mar PA Harm Reduction, Lighthouse Learning Collective, agus The Embody Lab.
Ag Amber Rei Folláine agus Aiséirí, is é mo chuspóir na huirlisí agus an spás a thabhairt duit chun d’intinn, do chorp, agus do spiorad a leigheas. Is é mo chreideamh é nuair a thugaimid ómós do gach cuid dínn féin, gur féidir linn tosú ag rathú go fírinneach.